Moladh déanta le Comhchoiste Gaeilge an Oireachtais stáisiún raidió Gaeilge cosúil le Raidió na Life a bhunú ar bhonn náisiúnta

I gcur i láthair mar gheall ar ‘Úsáid na Gaeilge ar an Raidió’ a rinne na saineolaithe acadúla an Dr. John Walsh, Léachtóir Sinsearach Gaeilge i Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí & na gCultúr in Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus an Dr. Rosemary Day, Ceann na Roinne Staidéar ar na Meáin Chumarsáide i gColáiste Mhuire gan Smál in Ollscoil Luimnigh, moladh go mbunófaí stáisiún raidió Gaeilge náisiúnta a bheadh ag teacht le stíl chraolacháin Raidió na Life.

Agus iad ag déanamh cur i láthair os comhair Chomhchoiste Gaeilge & Gaeltachta an Oireachtais faoi thuarascáil atá foilsithe acu ar a dtaighde ar úsaid na Gaeilge ar an raidió i bPoblacht na hÉireann, rinne an bheirt saineolaí tagairtí ar leith do Raidió na Life.

Arsa an Dr. Day:

Ba mhaith linn go bhfeicfimis raidió náisiúnta Gaeilge don lucht óige mar atá ag muintir Bhaile Átha Cliath le Raidió na Life, ach na craoltóirí a bheith íoctha”.

Tá an moladh seo ag teacht le moltaí atá déanta le fada an lá ag Raidió na Life féin go gcuirfí níos mó acmhainní ar fáil don stáisiún, go háirithe ó thaobh láithreoirí agus foirne léiriúcháin a fhostú le cur le caighdeán aschuir an stáisiúin, atá faoi láthair ag brath don chuid is mó ar oibrithe deonacha ag tabhairt roinnt uaireanta a’ chloig dá gcuid ama gach seachtain le clár amháin in aghaidh na seachtaine – don chuid is mó – a chur i láthair. Cé go raibh taighde an Dr. Day agus an Dr. Walsh dírithe go príomha ar úsáid na Gaeilge ar stáisiúin raidió a fheidhmíonn trí Bhéarla don chuid is mó, is moladh suntasach atá déanta acu maidir le bunú stáisiúin raidió Gaeilge a d’fheidhmeodh ar bhonn náisiúnta is a bheadh cosúil le Raidió na Life, ach le foireann iomlán fostaithe.

Is é ceann de na príomhthorthaí a d’aimsigh an Dr. Walsh agus an Dr. Day ina gcuid taighde mar gheall ar úsáid na Gaeilge ar an raidió i bPoblacht na hÉireann, ná gurb é 3.5 uair sa tseachtain an meánmhéid uaireanta an chloig a chraolann stáisiúin raidió sa Stát cláir nó ábhar i nGaeilge amháin nó go dátheangach, athchraoltaí san áireamh. Rinneadh taighde cuimsitheach ar 59 stáisiúin raidió i bPoblacht na hÉireann, idir stáisiúin tráchtála, pobail agus stáisiúin RTÉ, le linn 2017.

Cuireadh an tuarascáil dar teideal ‘Taighde faoi Úsáid na Gaeilge ar an Raidió’ i láthair ag cruinniú de chuid Chomhchoiste Gaeilge agus Gaeltachta an Oireachtais an tseachtain seo, Dé Máirt 1 Bealtaine 2018 mar chuid de phlé ar staid úsáid na Gaeilge ar an raidió. De réir an taighde atá foilsithe i dtuarascáil an Dr. Walsh agus an Dr. Day, is é líon na n-uaireanta de chláir nó d’ábhar a chraoltar i nGaeilge nó go dátheangach ar stáisiúin raidió ná 3.5 uair sa tseachtain ar an meán. Tá athchraoltaí agus ábhar ceannaithe nó ábhar atá craolta cheana féin ag stáisiúin eile san áireamh sa 3.5 uair a’ chloig seo. Léirigh torthaí an taighde freisin gur minic gur taobh amuigh de bhuaic-amanna éisteachta a chuirtear cláir agus ábhar Gaeilge agus dátheangach i sceidil stáisiúin. Fuarthas chomh maith go raibh sé coitianta gur ar ábhar éatrom go raibh cláir i nGaeilge dírithe, le teidil ar nós ‘Craic agus Ceol’ ag roinnt mhaith cláir, iad dírithe go minic ar cheol traidisiúnta seachas ar ábhar príomhshrutha, agus gurbh éigean go raibh aon ábhar á chraoladh trí Ghaeilge a bhí dírithe ar chúrsaí reatha, mar shampla.

Tuairiscíodh go raibh ceithre stáisiún – stáisiún amháin ‘náisiúnta’ (ag craoladh ar fud Phoblacht na hÉireann), dhá stáisiún áitiúil tráchtála, agus stáisiún pobail amháin – nach raibh aon ábhar rialta Gaeilge á chraoladh acu nuair a rinneadh an taighde in 2017. Tá ceann amháin den dá stáisiún áitiúil tráchtála a bhí luaite sa tuarascáil tar éis tús a chur le clár Gaeilge ón uair go ndearnadh an taighde, agus tá tugtha le fios ag an trí stáisiún eile go bhfuil siad ag tabhairt aghaidh ar an easpa Gaeilge ar a gcuid sceidil.

I ndiaidh an chruinnithe le Coiste Gaeilge agus Gaeltachta an Oireachtais, dúirt an Dr. Walsh le Aerthonnta:

“Gabhaimid buíochas le Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán as cuireadh a thabhairt dúinn ár gcuid taighde a chur ina láthair.

Dhíríomar ar an gcéad chéim den taighde ar deineadh le linn 2017 agus mar sin, ba leis an mbliain sin a bhain na torthaí. Tá an dara céim den taighde ar siúl againn faoi láthair le tacaíocht ó Chonradh na Gaeilge agus ó Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Scríobhamar chuig na craoltóirí raidió go léir cheana féin agus is cosúil, ón eolas atá tagtha chugainn go dtí seo, go bhfuil cuid de na stáisiúin nach raibh aon ábhar Gaeilge acu anuraidh tar éis dul i ngleic leis sin. Gabhaimid buíochas leis na stáisiúin as comhoibriú linn agus táimid ag súil le torthaí an dara céim den taighde a fhoilsiú níos déanaí i mbliana.”

 

Tá tuarascáil iomlán an Dr. Walsh agus an Dr. Day le fáil ag:

https://audioresearchcentre.wordpress.com/research/

Tá físeán dá gcur i láthair ag an gComhchoiste Gaeilge agus Gaeltachta ar fáil ag http://www.oireachtas.ie/viewdoc.asp?DocID=38308&&CatID=127 (tosaíonn an físeán den gcur i láthair ag 37’32”)

Live now!
See what's coming next...
RECENT TWEETS

Raidió na Life ar Instagram

Dina Ní Riain
Dina Ní Riain presents An Citeal Dubh every Wednesday on Raidió na Life. Dina hails from Dublin and has a love of music, from Brazillian bossa nova to Coleman’s improvisation and from Coltrane’s spirituality to Zappa’s imagination. Read more
Emma Ní Chearúil
Emma Ní Chearúil is one half of the red-haired duo, An Slua Rua who presents Meon na mBan. Read more
Purchase a share
Support Raidió na Life by purchasing a share or making a donation
Purchase