Meon na mBan i gClub Chonradh na Gaeilge

Nollaig na mban(2)

Cuireadh dea-thús leis an mbliain anseo ag Raidió na Life le ceiliúradh Nollaig na mBan i gClub Chonradh na Gaeilge le mná Mheon na mBan agus a gcairde uilig.

Labhair Niamh Ní Chróinín, Ciara Ní É, Róisín Ní Mhaoláin, Sara McNamara agus Edel Ní Bhraonáin faoi na mianta agus spriocanna atá acu don bhliain úr, os comhair slua a chruinnigh sa gClub don oíche. Bhí an áit lán go béal agus bhí neart cainte agus gáire le linn na hoíche againn. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le foireann Chlub Chonradh na Gaeilge agus le chuile dhuine a d’fhreastail ar an ócáid, agus le gach duine atá théis tacú leis an gclár ó gur athsheoladh é i mí na Samhna ag Oireachtas na Samhna.

Is féidir éisteacht siar leis an bpodchraoladh ar Soundcloud, Spotify, Apple agus ardáin eile anois.

Live now!
No current live feeds.
See what's coming next...
RECENT TWEETS

Raidió na Life ar Instagram

Ian Creamer
Read more
Eoin Ó Fearghail
Eoin Ó Fearghail is a software engineer with an international computer games company. Read more
Purchase a share
Support Raidió na Life by purchasing a share or making a donation
Purchase