Cuireann Raidió na Life oiliúint ar fáil don bpobal sna réimsí a leanas:
Taithí oibre – Idirbhliain
*Táimid lán don scoilbhliain 2018/2019. Beimid ag glacadh le hiarratais don scoilbhliain 2019/2020 ó Mhí Bhealtaine 2019.
Cuireann Raidió na Life fáilte i gcónaí roimh scoláirí ó scoileanna áitiúla atá ag iarraidh cur lena gcuid scileanna craoltóireachta agus foghlaim faoi na meáin Ghaeilge.
Bíonn teorainn le líon na n-áiteanna atá ar fáil do scoláirí mar sin is fearr teagmháil a dhéanamh linn cúpla mí roimh ré le d’áit a chinntiú.
Scileanna léiriúcháin raidió
Tugtar an deis d’oibrithe deonacha scileanna léiriúcháin raidió a fhoghlaim le treoir ó fhoireann Raidió na Life agus ó oibrithe deonacha eile atá ag craoladh linn le tamall fada.
Má tá suim agat foghlaim faoi conas clár raidió a dhéanamh linn, féach ar an leathanach atá againn ar obair dheonach le Raidió na Life.
Spraoi
Is é aidhm an tionscadail SPRAOI guth a thabhairt do pháistí i bpobal na Gaeilge agus an stáisiún a chur ar fáil mar áis foghlama do bhunscoileanna.
Mar chuid den tionscadal, tabharfaidh foireann SPRAOI cuairteanna ar ghaelscoileanna, ag tabhairt deiseanna do na páistí scileanna raidió a fhoghlaim.
Le linn gach cuairt scoile, beidh seans ag na páistí foghlaim faoi na féidearthachtaí a bhaineann leis an raidió agus déanfar agallaimh agus ceol a thaifead leo.
Más maith leat tuilleadh eolais a fháil faoin tionscadal seol ríomhphost chuig eolas@raidionalife.ie
FETAC/QQI
Bíonn Raidió na Life ag reachtáil cúrsaí oiliúna FETAC/QQI i gcomhpháirtíocht le CRAOL – Fóram Raidió Pobail na hÉireann.
Tá sé mar sprioc ag na cúrsaí seo oiliúint a thabhairt d’fhoghlaimeoirí ar réimse ábhair a bhaineann le raidió, mar aon leis na scileanna phraicticiúla a ghabhann leis.
Bíonn na cúrsaí a leanas á reachtáil ag an stáisiúin:
· CRAOL FETAC/QQI (Leibhéal 3) Express Yourself! Teenagers Making Radio That Matters
· CRAOL FETAC/QQI (Leibhéal 3) Tuiscint ar na Meáin agus conas thú féin a chur in iúl
· CRAOL FETAC/QQI (Leibhéal 4) Scileanna Raidió Pobail
· CRAOL FETAC/QQI (Leibhéal 4) Scileanna Cumarsáide
Tá CRAOL ina sholáthraí oiliúna ar cháilíocht dhearbhaithe cláraithe le QQI/FETAC. Féach
Níl aon cúrsaí oiliúna á reachtáil ag an stáisiúin faoi láthair. Fogrófar na sonraí faoi chúrsaí úra amach anseo ar an suíomh seo agus ar na meáin shóisialta.
FUAIM & FÍS
Bíonn Raidió na Life ag cur iarratais isteach le haghaidh maoiniú do thograí raidió ó scéim mhaoinithe chraoltóireachta Fuaim & Fís Údarás Craolacháin na hÉireann.
Cuirfear fáilte roimh smaointí éagsúla le haghaidh cláracha ó léiritheoirí neamhspleácha.
Cuirfear tacaíocht agus treoir phroifisiúnta ar fáil chun an leiriúchán a chur i gcrích.
Más maith leat teagmháil a dhéanamh linn faoin sceim seo, déan teagmháil le eolas@raidionalife.ie.



