Ceoltronic

Lá: Déardaoin
Am:9.00in
Athchraoladh:Dé Sathairn @ 3.00rn
Láithreoir(í):Will Kinsella
Cinéal Clár: Ceoil

Faoin gClár:Seinntear an cheol leictreach agus mion-teicnó is nua-aimseartha atá le fáil faoi láthair ar Ceoltronic. Ceann de na gnéithe is suntasaí faoin gclár ná an bealach ina bhfuil sé curtha i láthair - go minic úsáideann Will trí deiceanna leis an gceol a sheinm. Is féidir éisteacht le níos mó ná tríocha amhráin in aon uair a chloig dá bharr. Tá an coincheap bunaithe ar chláracha Jeff Mills i Detroit ag deireadh na hochtóidí. Leis an cheol ag síorathrú, bíonn rud éigin nua agus éagsúl ar fáil don éisteoir i gcónaí.

Úsáideann Will an chlár mar ardán do cheoltóirí Éireannacha. Coimeádtar deireadh an chlár do cheol faoi choim (underground) atá ag teacht chun cinn in Éirinn. I measc na ceoltóirí a bhí le cloisteáil ar an gclár le déanaí bhí Sian (Poker Flat), Philth, Dance Pig (KingNail), Frank Cussen, Electrodouch, John Shannon agus Will é féin.

 

Dé Luain
Dé Máirt
Dé Céadaoin
Déardaoin
Dé hAoine
Dé Sathairn
Dé Domhnaigh