Ceann-scrios
Lá: Dé Domhnaigh
Am:10.00rn
Láithreoir(í):Gavin Ó Briain Athchraoladh: Déardaoin @ 2.30in
R-post: ceannscrios@gmail.com
Cinéal Clár: Clár do dhéagóirí
Faoin gClár: Is é ceann scrios an clár le héisteacht leis más spéis leat cúlchaint ar dhaoine cáiliúla, nuacht nach gcloistear i móran áiteanna eile, ceol den scoth, agus an-chuid rudaí eile. Bíonn sé ar siúl gach maidin Domhnaigh óna 10 go dtína 11. Coimeádann an clár seo daoine ar an eolas faoi cheolchoirmeacha, nuacht de gach saghas agus na hamhráin sin atá gearr do do chroí. Tá an clár dírithe orthu siúd sna meándéaga agus sna déaga déanacha. Más spéis leat dul i dteaghmail leis an gclár is féidir ríomhphost a chur go ceannscrios@gmail.com
Faoin Láithreoir: Is as Cabán tSíle i mBaile Átha Cliath do Gavin Ó Briain. D'fhreastal sé ar bhunscoil lán-Bhéarla “Hollypark BNS” agus ansin gan mórán Gaeilge aige d'imigh sé ar aghaidh chuig Coláiste Eoin i mBaile An Bhóthair áit ar thosaigh sé ag cur spéis sa Ghaeilge.
Thosaigh Gavin le Raidió na Life agus é ar thaithí oibre san idirbhliain. D'oibhrigh sé san oifig agus chuir sé aithne mhaith ar chúrsaí ar stáisiúin. I mí Iúil 2008 chuir Gavin a chéad chlár i láthair tar éis dó bheith sa stiúideo ar chlár "Creachadóireacht" ó am go chéile. Tá Gavin mar chinnire le Coláiste agus Cumann na bhFiann agus tá an-spéis go deo aige an Ghaeilge a fhorbairt i measc daoine ar chomhaiois leis. Is é Gavin eagarthóir na hirise scoile i gColáiste Eoin.
Ina chuid am saor taitníonn go mór le Gavin a bheith ag éisteacht le ceol, féachaint ar an teilifís, ag stánadh ar ghluaisteáin (!) agus go leor rudaí eile. Labhrann se roinnt teangacha , le leibhéal bunúsach sa teanga chomharthaíochta (ach rinne se dearmad ar an-chuid de...).


