Caifé Cois Life
Lá: Dé Domhnaigh
Am: 11.00 - 12.00
Láithreoir(í):Mairéad Uí Dhomhnaill
léiritheoir(í):Deirdre Donnelly
Cinéal Clár: Filíochta agus Ceoil
Faoin gClár: Féasta Filíochta agus Ceoil ar Raidió na Life 106.4fm!
I ngach clár den tsraith seo, cloisfear filí móra Gaeilge na linne seo ag léamh a gcuid filíochta os comhair an tslua in sa Chaifé Cois Life, coincheap a bunaíodh ar an gCaifé Gorm, a bhí ar bun san ardchathair sna hochtóidí. I ngach clár beidh file faoi leith mar phríomhaoí an chláir, agus beidh ceoltóir faoi leith i dteanta gach file. Is í Mairéad Uí Dhomhnaill a chuireann na cláracha inár láthair agus Deirdre Donnelly léiritheoir na sraithe.
I measc na bhfilí atá le cloisteáil i gcaitheamh na sraithe tá Áine Ní Ghlinn, Nuala Ní Dhomhnaill, Gabriel Rosenstock, Micheál Ó hUanacháin, Greagóir Ó Dúill, Liam Mac Con Iomaire, Biddy Jenkinson, Pádraig Ó Snodaigh, Tadhg Ó Dúsláine, Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Liam Ó Muirthile agus Colm Breathnach.
Ar na daoine a bheidh ag coimeád ceoil leo beidh Éanna Ó Cróinín, Máire Breatnach, Niamh de Búrca, Cormac de Barra, Cormac Breatnach, Mick O’ Brien, Rónan Ó Snodaigh(Kíla), Paul O’ Shaughnessy, Micheál Ó Raghallaigh, Tristan Rosenstock, Daniel Stenson agus Paul Finn.
Is iontach an deis é seo do dhaoine sárfhilí seo na Nua-Ghaeilge a chloisint ag léamh a gcuid saothair féin. Is le cabhair ó Fhoras na Gaeilge agus ó chiste craoltóireachta Fuaim & Fís Choimisiún Craolacháin na hÉireann a rinneadh na cláracha seo.
Ná callaigí an Caifé Cois Life, gach Aoine ag a 6 i.n. ar Raidió na Life 106.4fm - Cuisle na Cathrach.


