Buillí

Lá: Dé Luain
Am: 00.00 - 01.30
Athchraoladh: Dé Sathairn @ 02.30
Láithreoir(í): Ben Shorten
Cinéal Clár: Ceoil / Hip-Hop

Faoin Chlár: Comhrá idir Ben Shorten, láithreoir ‘Buillí’, agus Hip Hop, macasamhail antrapamorfach den cheol is den ghluaiseacht a thosaigh i Nua Eabhrac ag deireadh na seachtóidí:

Mise:  Hi. Hip Hop ab ea?
Hip Hop:  Sea. Cé tusa?
Mise:  Is mise Ben Shorten. T· sé i gceist agam clár a thosnú fút.
HH:  Fúmsa féin? Nílim cinnte... Tá a lan daoine amuigh ansin ag cur mífhaisnéise chun cinn maidir liom. Conas is féidir liom a bheith cinnte nach bhfuil tusa mar a chéanna?
B:  Mar táimse ag iarraidh a leiriú do dhaoine a bhfuil ionat – do chuid cumhachta, caolchúiseachta, deisbhéalachta, éagsúlachta agus ilnáisiúnachais a thaispeaint. Taim ag iarraidh do scéal a insinnt – Ó gineadh tú sna seachtóidÌ go dtí inniu – conas a oibrÌonn tú le saghasanna eile ceoil, snagcheol, anamcheol, funkcheol agus rudaí eile nach iad. Ba mhaith liom a chur in iúl do dhaoine céard is féidir a dhéanamh nuair a chloítear leis na bunphrionsabail a leag tú síos ag an tús.
HH:  Sin uaillmhianach. An gceapann tú go bhfuil muintir BhÁC réidh da leithéid?
B:  Déarfainn é. Tá a fhios ag cuid acu cheana féin. NÌl a fhios ag an gcuid eile fut seachas an méid a chloiseann siad ar stáistiúin eile nó ar MTV....
HH:  Bitches agus bling agus Kanye. Tuigim do chas. An nglacfá le comhairle uaim?
B:  Cinnte.
HH:  BÌ cinnte beim a leagan ar hip hop Éireannach. NÌl a fhios a daoine go bhfuil a leithéad de rud ann.
B:  Déanfaidh mé amhlaidh.
HH:  Right so. Beannaím thú mar sin. ‘Welcome to the family’ mar a deirfeá.
B:  Íontach.

Faoin Láithreoir: Bleá Cliathach ó dhúchas é Ben Shorten. Agus é ina ghasúr, tháinig an ceol chuige. Taitníonn gach saghas ceoil leis. Chinn sé ar chlar a dhéanamh ar hip-hop toisc gur paisean sach nua dó é. TrÌd an gcuid is mó dá shaol, nÌ raibh a fhios aige go raibh a leithéad de rud is hip hop fiúntach ann. Is i UCD a bhÌ sé nuair a bhuail an eipeafáine é – fuair sé mixtape ó chara leis agus Del the Funky Homosapien, Common, De Le Soul, Blackalicious, agus an t-uafás daoine eile air. Ó shin i leith, tá iarracht déanta aige daoine a thiont· go dtí cás an hip-hop.

Caitheann sé a chuid ama ag treabhadh trÌ chartlanna chun scoth an hip hop a aimsiú. Is dócha go mbeadh sé sin á dhéanamh aige fiú dá mba rud é nach raibh clár aige ar an ábhar. Sin a saghas duine atá ann. Duine aisteach, dúghafa, amhrasach é, ach tá sé cairdiúil agus fáilteach chomh maith só téigh i dteagmháil leis trÌ r-phost a chur chuig hiphop@raidionalife.ie.

Dé Luain
Dé Máirt
Dé Céadaoin
Déardaoin
Dé hAoine
Dé Sathairn
Dé Domhnaigh