Fúinn


Fealsúnacht Chraoltóireachta

Ag craoladh ar fud Bhaile Átha Cliath ó 1993, is stáisiún raidió pobail sainspéise é Raidió na Life a bunaíodh le seirbhís raidió pobal-dhírithe a sholáthar do phobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus sa cheantar máguaird ar bhonn neamhbhrabúsach. Tá cuspóirí oideachasúla agus pobail mar chodanna bunúsacha d'fhealsúnacht chraolacháin na seirbhíse seo. Déanann Raidió na Life comhtháthú idir na heagrais Ghaeilge, lucht labhartha na teanga, daoine a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge agus daoine a dtaitníonn réimsí ceoil éagsúla leo - daoine go mb'fhéidir nach mbeadh teagmháil rialta acu leis an nGaeilge san áireamh. Déanann an stáisiún cúram de réimse leathan spéise an phobail sin ina chuid clár, ag díriú go príomha ar chathair agus ar chontae Átha Cliath mar aon leis an gcrios comaitéara máguaird. Tá ilchultúrachas ag baint leis an phobal sin agus ilghnéitheacht i dtaca le réimse spéise, próifíl aoise, cumas sa Ghaeilge agus rannpháirtíocht i gcur chun cinn na Gaeilge de. Tá Raidió na Life tiomanta chun a oiread cláracha agus is féidir a sholáthar a fhreastalóidh ar an ilghnéitheacht sin i measc a lucht éisteachta.

Ráiteas Polasaí Cláir

Cód Cleachtais Raidió na Life maidir le Déileáil le Gearáin

Foirm_Ghearáin

Tuairisc Bhainisteoir RnaL 2010-2011

 

Uaireanta Craolta

Craolann Raidió na Life seacht lá in aghaidh na seachtaine:
Luan go Déardaoin 08:00-04:00, agus thart timpeall an chloig ag an deireadh seachtaine. Bímid ag beoshruthú ar an idirlíon go leanúnach leis.

Gradaim

Tá mórán gradaim agus duaiseanna faighte ag Raidió na Life thar na mblianta, ina measc an Gradam Pobail sa Bharr 50 Gnó le Gaeilge 2010, a bronnadh ar an stáisiún le déanaí.  Ainmníodh an stáisiún sa Bharr 50 Gnó le Gaeilge roimhe seo i 2009 agus i 2006 freisin, agus i mbliana ainmníodh muid i nGradaim Chumarsáide Oireachtas na Gaeilge i rannóg "Clár Raidió na Bliana" don chlár Caife Cois Life.  Bronnadh trí ghradam barr feabhais ar an stáisiún ag gradaim na hearnála raidió pobail, Gradaim CRAOL i 2009 sna rannóga Cláracha Gaeilge, Cláracha Coimisiúnaithe, agus Sceidealú Ailtéarnac agus d'aimnigh an fóram ar-líne Boards.ie an stáisiún mar chomh-"Craoltóir Ceoil na Bliana" i 2008.  Sna blianta roimhe seo bronnadh na gradaim seo a leanas ar an stáisiún: Gradam Bhord na Gaeilge 1999, Gradam na hAislinge 2003, Duaiseanna Oireachtas na Gaeilge agus Eachtraí Nua sa Chraoltóireacht 2000/2005. Le blianta beaga anuas, bronnadh maoiniú ar an stáisiún go rialta faoi scéim chraoltóireachta Údarás/Choimisiún Craolacháin na hÉireann Fuaim & Fís freisin.

Dé Luain
Dé Máirt
Dé Céadaoin
Déardaoin
Dé hAoine
Dé Sathairn
Dé Domhnaigh