Oibrithe Deonacha

Tá obair dheonach mar chroílár d’eiteas craoltóireachta Raidió na Life mar stáisiún raidió pobail (sainspéise) ón am a bunaíodh an stáisiún. Is ar bhonn deonach a oibríonn craoltóirí uile an stáisiúin, mar aon le dream mór de thaighdeoirí, cúntóirí, léiritheoirí, teicneoirí srl. Is iad ár n-oibrithe deonacha nó ár saorálaithe croílár an stáisiúin. Gan iad ní bheadh an stáisiún ann.

Cén fáth go ndéanfá obair dheonach le Raidió na Life?

  1. Taithí Chraoltóireachta. Trí obair dheonach a dhéanamh le Raidió na Life tá tú ag fáil taithí chraoltóireachta den chéad scoth. Is iomaí duine cáiliúil a thosaigh a gcuid gairmeacha craoltóireachta le Raidió na Life, ina measc duine de na léitheoirí nuachta is cáiliúla sa tír seo, Sharon Ní Bheoláin. Leathanach Staire
  2. Deis le Clár Raidió a Chur i Láthair. Ní gach duine a fhaigheann deis clár raidió a chraobhscaoileadh ar fud chathair agus contae Átha Cliath, gan trácht ar an domhan mór. Tugtar an deis sin duit anseo i Raidió na Life. I bhfocail shimplí, seó raidió de do chuid féin a bheith agat!
  3. Forbairt & Sásamh Phearsanta. Foghlaimíonn tú a lán, ní hamháin faoin chraoltóireacht, ach fút féin agus faoi dhaoine eile, ó obair dheonach a dhéanamh i Raidió na Life. Tá sásamh iontach ag baint le hobair dheonach a dhéanamh freisin, go háirithe in áit chomh funkyáilte le RnaL!
Dé Luain
Dé Máirt
Dé Céadaoin
Déardaoin
Dé hAoine
Dé Sathairn
Dé Domhnaigh