Tuairisc
Lá: Dé Máirt
Am:7.00in
Láithreoir(í):Liam Mac Amhlaigh & Eoin Ó Fearghail
Cinéal Clár: Cúrsaí Reatha
Faoin gClár:
Le hocht mbliana anuas tá Eoin agus Liam ag cíoradh an nuachta, idir phlé agus dhíospóireacht, chun lón intinne a sholáthar d’éisteoirí an stáisiúin go seachtainiúil ar a 7:00 i.n gach Máirt.
Ní fhanann aon chuid de chúrsaí reatha na tíre slán ó ghrinnanailís
na beirte. Dírítear ar chúrsaí reatha, polaitíocht dhomhanda, na
meáin chumarsáide, cúrsaí oideachais, spórt agus na healaíona.
B’uathu siúd a tháinig an tsraith cláracha ‘Cinnirí’ sa bhliain
2008 ar Raidió na Life 106.4 FM agus cuireadh tús lena ngaol leis
an stáisiún le clár amháin seachtainiúil sa tsraith ‘An Meangadh
Mór’i 2001.
Bígí linn uair sa tseachtain don tráchtaireacht is leithne sna meáin
ar shaol reatha na tíre.
Faoin Láithreoir:
Léachtóir le litríocht agus teanga na Gaeilge i gColáiste Oideachais Froebel é Liam Mac Amhlaigh le suim sa scríbheoireacht, sa chraoltóireacht agus i dteangacha.
Innealtóir bogearraí le comhlacht idirnáisiúnta ríomhaireachta é Eoin Ó Fearghail. Seoltóireacht agus scannánaíocht dhomhanda mar shuim aige.
Lá: Déardaoin
Am:7.00in
Láithreoir(í):Jack Ó Leocháin agus Eoin Ó Murchú
Cinéal Clár: Cúrsaí Reatha
Faoin gClár:
Craoltar Tuairisc Déardaoin gach seachtain um thráthnóna, ó 7 go dtí 7.30 i.n.. Díríonn an clár ar chúrsaí reatha na seachtaine. Bíonn scéalta beaga, móra is éadróma na hÉireann agus na cruinne idir lámha ag na láithreoirí Jack Ó Leocháin agus Eoin Ó Murchú.
Más speis leat scéal nó teachtaireacht a sheoladh go Tuairisc Déadaoin seol go tuairisc@raidionalife.ie é.
Faoin Láithreoir:
Tá Jack Ó Leocháin ag craoladh le Raidió na Life 106.4FM le cúpla bliain anuas. Thosaigh sé amach ar an gclár spóirt, An Fheadóg Dheireanach. Tá staidéar á dhéanamh aige ar an dlí agus am caite aige i gCeanada le bliain anuas. Deirtear go bhfuil an-dúil aige i mbusanna na cathrach ach ní fios an bhfuil sé seo fíor mar is suim an-aisteach atá ann.
Is mac léinn leighis é Eoin Ó Murchú i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Tá an-suim aige i gcúrsaí reatha agus nuachta. B'fhearr leis 'Off the Rails' a chur i láthair ar RTÉ ach níl an post sin ar fáil faoi láthair.


