Muiris Ó Fiannachta - Bainisteoir Stáisiúin
Tá Muiris mar Bhainisteoir Stáisiúin ar Raidió na Life ó mhí Mheán Fómhair 2007. Thosaigh Muiris ag craoladh mar chraoltóir deonach le Raidió na Life sa bhliain 2001 mar láithreoir ar an irischlár Fios Feasa. Go gairid ina dhiaidh sin bhunaigh sé seó mhiotail throim an stáisiúin, Scrios & Ár - an chéad chlár raidió dá leithéid a cuireadh i láthair trí Ghaeilge, agus clár atá fós á chraoladh ar an stáisiún. Fuair sé a chéad phost lánaimseartha i ndiaidh na hollscoile leis an stáisiún i 2005 mar thaighdeoir agus mar chúntóir, post a fuair sé ardú céime ann nuair a hathraíodh teideal an phoist sin go "Clár Reachtaire". I ndiaidh bliain go leith mar Chlár Reachtaire RnaL, d'oibrigh Muiris i Rannóg na gClár Gaeilge in RTÉ ar feadh leathbliana ar na sraitheanna teilifíse "Oileán" agus "Scannal". Ina dhiaidh sin chaith sé tréimhsí ag obair le Seachtain na Gaeilge agus leis na comhlachtaí léiriúcháin teilifíse Animo Productions agus Adare Productions.
Ina chuid am saor, taithníonn go mór le Muiris bheith ag éisteacht le agus ag seinm ceoil agus seineann sé an giotár, mar aon le bheith ag pleidhcíocht ar roinnt uirlísí eile ó am go chéile! Tá dúil faoi leith aige i miotal trom agus rac-cheol. Tá céim sa Ghaeilge agus sa Spáinnis aige ó Ollscoil na hÉireann Má Nuad, agus labhrann sé roinnt teangacha eile freisin, le leibhéil bhunúsacha Portaingéilise agus Catalóinise aige. Tá suim aige i dtóireacha allamuigh, an surfáil go háirithe. Is beag ceann de na caithimh aimsire seo ámh, a thagann gar don dúil atá ag Muiris i nGramadach Gaeilge na mBráithre Críostaí - An Tuiseal Ginideach go háirithe.
Dónal Ó Donnabhán- Clár Reachtaire
Is as Baile Átha Cliath do Dhónal ó dhúchas. D’fhoghlaim sé a chuid Gaeilge agus é ar Scoil Náithí agus ar Choláiste Eoin. D’fhreastail sé ar an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Chliath, áit a bhain sé céim amach sa Ghaeilge agus sa Stair.
Agus é ar scoil thosaigh Dónal ag cur clár raidió Gaeilge i láthair ar Raidió Pobail Átha Cliath Theas. D’fhan sé leis an stáisiún ar feadh cheithre bliana ag obair ar chláir Ghaeilge agus chláir cheoil.
Thosaigh sé le Raidió na Life agus é fós ar an gcoláiste, ag léamh na nuachta uair sa tseachtain ar feadh bliana. Thóg sé sos ón raidió ar feadh roinnt blianta ach d’fhil sé ar Raidió na Life sa bhliain 2005 mar láithreoir ar irischlár an stáisiúin Fios Feasa.
I 2006 thosaigh Dónal ag obair le Raidió na Life go lánaimseartha mar Chlár Reachtaire, post a bhfuil aige go fóill.
Chomh maith le bheith ag obair le Raidió na Life, oibríonn Dónal leis an stáisiún raidió Newstalk mar léiritheóir ar Splanc, clár Gaeilge an stáisiún sin. Déanann Dónal léirmheas ar albaim cheoil nua gach seachtain ar an gclár Pop4 ar TG4.
Nuair nach mbíonn Dónal ag obair le Raidió na Life is maith leis bheith ag cniteál, ag marcaíocht asail agus bheith ag baint feamainne.
Fearghal Saxe - Innealtóir Fuaime
Is as Baile Átha Cliath d'Fhearghal. Tá sé ag pleidhcíocht le cúrsaí leictreonacha ó bhí sé óg go leor nuair a thógfadh sé earraí tigh a mháthair as a chéile lena sciúire meccano agus gan an t-eolas cuí aige len iad a chur ar ais le chéile - cur chuige a úsáideann sé gó fóill ina cúraimí laethúla i Raidió na Life.
Tá sé ag obair le Raidió na Life le trí bliana anuas agus cé gur cúraimí fuaime agus feidhmiúcháin is mó a thógann suas am Fhearghail ní féidir stop a chur leis ina iarracht chun ceol ait agus iontach a bhailiú agus a scaipeadh trí mheán a chláracha ceoil ar an stáisiún, Meangadh Mór na Céadaoine agus Teicneolas ar oícheanta Dhéardaoin.
Marc Ó Loinsigh
Is as Baile Átha Cliath do Mharc. Tá sé ag obair le Raidió na Life le trí bliana anuas. Chomh maith leis an stáisiún a reachtáil ag an deireadh seachtaine, cuireann sé clár ceol clasaiceach, Macalla, i láthair gach Domhnach ag a meánlae.


