Spórt de gach sórt
Lá: Dé Céadaoin
Am: 18.00 - 19.00
Athchraoladh: Déardaoin @ 10.00, Dé Sathairn @ 07.00
Láithreoir(í): Paddy, Seán & Eoin
Cinéal Clár: Spórt
Faoin gClár: Is clár spóirt fíor-ghreannmhar é 'Spórt de gach Sórt', bunaithe ar thuairimí spóirt chonspóideacha a bhíonn i mbéal an phobail. Pléann Paddy, Eoin agus Seán na hábhair chonspóideacha seo, agus bíonn argóintí agus díospóireachtaí eatarthu ar gach clár. Bíonn scrúdú spóirt ar siúl eatarthu gach seachtain, chomh maith le agallaimh grinn freisin. Le haghaidh tuilleadh greanntaíochta, bí le foireann "Spórt de gach Sórt" gach seachtain!
Paddy: Is as baile Loch Garman é Paddy. Tá sé sa dara bliain in OCBÁC ag déanamh stáidéir ar Ghaeilge agus Iriseoireacht. Tá spéis mhór aige sa spórt, sacar go háirithe, agus leantóir dílis é d’fhoireann sacair na hÉireann. Lena ghníomhréim ar Football Manager agus Fantasy Football go dtí seo, is féidir leis é féin a fheiceáil mar an chéad bhainisteoir idirnáisiúnta eile tar éis an laoch is mó aige faoi láthair, Giovanni Trappatoni.
Seán: Is as Baile Átha Cliath é Seán. Tá sé ag déanamh staidéir ar an nGaeilge agus Iriseoireacht i OCBÁC. Taitníonn go leor spóirt éagsúla le Seán, go háirithe peil ghaelach, sacar, gailf agus tiddlywinks. Imríonn Seán lena chlub dúchais Rath Eanaigh gach aon deireadh seachtaine, deirtear gurb é an chéad Stephen Hunt eile é. Is iad Graeme Mac Dowell agus Johnny Giles na laochra spóirt atá aige agus tá an churiarracht aige ar Championship Manager i measc lucht an stiúideo.
Eoin: Is as Connamara é Eoin, agus tá sé sa dara bliain in OCBÁC, ag déanamh staidéir ar Ghaeilge agus Iriseoireacht. Tá fíor-suim aige i gcúrsaí spóirt, rugbaí na hÉireann go háirithe, agus déanann sé dea-iarracht coimeád suas le tuairimí na saineolaithe Seán agus Paddy.


