Soilse Neon

Lá: Tuesday
Am:9.00pm
Athchraoladh:Tuesday @ 2.30am
Láithreoir(í):Serah Tonin
Cinéal Clár: Music

Faoin gClár: Tá Soilse Neoin ag iarraidh ceol electro-rock, synth pop, italo, electro-house, electro-hop, disco punk, figit house, Baltimore agus indie nach bhfuil cloiste ag morán daoine roimhe seo a thabhairt chun tosaigh.

Gach seachtain seinneann an láithreoir Serah Tonin (Ciara Cunnane) rianta úrnua, an chuid is mó acu gan a bheith seinnte ar an gclár roimhe sin, agus cuirtear béim mhór ar cheoltoirí agus ar léiritheoirí nua.

Seinneann Serah Tonin rianta ó lipéid cheirníní cosúil le Modular, Kitsune Maison, Moshi Moshi, Ed Banger agus PIAS agus ceoltoirí ar nós Midnight Juggarnauts, New Young Pony Club, M.I.A, Alan Braxe agus Fred Falke, Maral Salmassi, Hot Chip, Chromeo agus Cut Copy.

Thosaigh an clár ag craoladh i mí Iúil 2006 ar oíche Chéadaoin, agus anois tá sé ar siúl gach Máirt ó 9-10 i.n.

Faoin Láithreoir: Oibríonn Serah Tonin mar iriseoir ceoil agus mar fho-eagarthóir agus tá sí ina dioscmarcach.  Sheinn sí ina club, Neon Love, sa Bernard Shaw gach Déardaoin ó Feabhra '07 go dtí Márta '08 agus tá sí ag seinm na laethanta seo ag Chemistry i Wax, chomh mhaith le clubanna eile timpeall na cathrach.

Chomh mhaith leis sin, sheinn sí ag Féile Budrising 2008, Trashed!, Antics, Family, Clampdown, Mr Jones, Backlash, Pogo agus rinne sí tacaíocht do a lán ceoltóirí idirnáisiunta - ina measc Feadz, The Whip, Friendly Fires, Lo Fi Fnk, The Ting Tings, Tom Boy, Whomadewho, Hadouken!, The Real Heat, Mr Migayi, Teenage Bad Girl, Japanese Popstars agus DAta.

Lean:Mysapce - www.myspace.com/soilseneoin
or www.myspace.com/clubneonlove

Dé Luain
Dé Máirt
Dé Céadaoin
Déardaoin
Dé hAoine
Dé Sathairn
Dé Domhnaigh