Siansa Ceoil
Lá: Dé Luain
Am: 12.00 - 14.00
Láithreoir(í): Aishling Nic an Tuile
Cinéal Clár: Ceoil
Faoin gClár: Is clár de cheol clasaiceach é Siansa Ceoil a chraoltar gach Luan ó meánlae go dtí 2. Tá an clár dírithe ar an gceol clasaiceach, le réimse píosaí éagsúla ón gCantaireacht Ghreagóireach agus an tréimhse Barócach, suas go ceol trasdála an lae inniu. Chun cumadóirí agus ceoltóirí idirnáisiúnta móra a chloisteáil, comh maith le ceol éagsúil agus samhailteach, bí i gcomhluadar Aishling gach Luan ag a 12!
Faoin Láithreoir: Is scoláire iarchéimeach i gColáiste Ollscoile Baile Átha Cliath í Aishling, áit ina ndéanann sí staidéar ar an bhfisic theoiriciúil. Is as Contae Cheatharlach di, áit a d’fhoghlaim sí a cuid Gaeilge agus í ag freastal ar mheánscoil Ghaelcholáiste Cheatharlach ansin. Tá an-suim aici sa cheol, ceol clasaiceach agus ceol traidisiúnta don chuid is mó, agus casann sí an pianó agus an fhliúit traidisiúnta.


