Scaireanna


Léirigh do chuid tacaíochta trí scair a cheannach!

Tugann úinéireacht scaire nó scaireanna guth duit i reachtáil Raidió na Life trí vóta a thabhairt duit mar scairshealbhóir ag Cruinniú Cinn Bhliana an stáisiúin, a tharlaíonn i mí na Samhna chuile bhliain.

Scaireanna

I measc scairshealbhóirí an stáisiúin tá iar-chraoltóirí Raidió na Life, eagraíochtaí Ghaeilge, daoine le spéis acu sa Ghaeilge agus gnáthbhaill den phobal. Cosnaíonn scaireanna €31.74 an ceann. Tugtar cuireadh do scairshealbhóirí freastal ar an gCruinniú Cinnbhliana le baill an Choiste Bainistíochta a cheapadh, nó seasamh sa toghchán don Choiste iad féin.


Braitheann Raidió na Life 106.4 fm ar chabhair leanúnach chun aidhmeanna an stáisiúin a chur i gcrích. Má theastaíonn uait tacú leis an stáisiún tríd scaireanna a cheannach is féidir leat an fhoirm thíos a líonadh agus é a sheoladh sa phost chugainn

Comharchumann Raidió Átha Cliath Teoranta

Is comharchumann pobail é Comharchumann Raidió Átha Cliath Teoranta (CRÁCT) a bunaíodh ar 4 Iúil 1989 mar eagraíocht neamhbhrabúsach. Tá ballraíocht i CRÁCT oscailte do dhuine ar bith a cheannaíonn scair sa stáisiún. Faoi láthair tá 360 ball den chomharchumann atá faoi stiúir an Choiste Bainistíochta.

Foirm chun scaireanna a ordú .: Íoslódáil :.

 

Dé Luain
Dé Máirt
Dé Céadaoin
Déardaoin
Dé hAoine
Dé Sathairn
Dé Domhnaigh