Scéalta na Gaeltachta

Scealta Na Gaeltachta

Lá: Dé Máirt
Am:19.30 - 20.00
Athchraoladh: Dé Céadaoin @ 09.30, Déardaoin @ 02.30, Dé hAoine @ 13.30, Dé Domhnaigh @ 08.00
Láithreoir(í): Richie Ó hEadhra
Cinéal Clár: Nuacht

Faoin gClár: Irischlár a dhíríonn ar imeachtaí reatha na nGaeltachtaí is ea Scéalta na Gaeltachta. Tá an clár á chraoladh ó bhlianta tosaí an stáisiúin, agus is éard atá mar aidhm aige ná daoine gurb as an nGaeltacht dóibh, nó daoine go bhfuil spéis acu ina bhfuil ag tarlú sna Gaeltachtaí, ach atá ag cur fúthú i mBaile Átha Cliath, a thabhairt suas chun dáta ar phríomhscéalta na seachtaine ó na Gaeltachtaí éagsúla in aon chlár leathuair a' chloig amháin. Chuile sheachtain clúdaítear réimse leathan ábhair - idir cúrsaí polaitiúla, cúrsaí oideachais, píosaí nuachta áitiúla, imeachtaí cultúrtha, imeachtaí ceoil, scéalta conspóideacha, scéalta áthais agus neart eile, agus déantar iarracht cothrom na féinne a thabhairt do na ceantair Ghaeltachta éagsúla thart timpeall na tíre.

Dé Luain
Dé Máirt
Dé Céadaoin
Déardaoin
Dé hAoine
Dé Sathairn
Dé Domhnaigh