Bealaí le héisteacht le podchraoltaí Raidió na Life:
Oscail an nasc leis an gclár a theastaíonn uait éisteacht leis. Gliogáil ar an nasc mp3.
LE SÍNTIÚS A GHLACADH - Beidh bogearra podchraolta, nó léitheoir fotha RSS ag teastáil uait.
Cóipeáil agus greamaigh an nasc dar teideal "Fotha" isteach i do bhogearra podchraolta nó sa léitheoir fotha.
LE hÍOSLÓDÁIL - Deasghliogáil ar an eipeasóid a theastaíonn uait faoi "Íoslódáil" agus roghnaigh "Save Target As...", "Save Link As..." nó rogha eile cosúil leo seo.
LE hÉISTEACHT - Gliogáil ar an eipeasóid a theastaíonn uait éisteacht léi faoi "Íoslódáil".
Is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag eolas@raidionalife.ie má tá aon deacrachtaí teicniúla agat le podchraoltaí a fháil uainn.

Prós na hArdteistiméireachta
Sraith de dheich gclár ar Raidió na Life 106.4FM ag plé leis an gcúrsa Próis agus le gnéithe eile de chúrsa Gaeilge na hArdteiste.
Fotha - http://www.raidionalife.ie/podcast/pros.xml

Filiocht na hArdteistiméireachta
I ngach clár den tsraith seo, cloisfear dán atá ar chúrsa na hArdteistiméireachta á léamh ag an bhfile féin, ag aisteoir nó ag múinteoir.
Fotha - http://www.raidionalife.ie/podcast/fna.xml

Leoin an Tíogair
Sraith cláracha faisnéise ó léiritheoirí Thuairisc na Máirte a dhéanann cur síos ar mhórphearsanra ré an Tíogair Cheiltigh in Éirinn. Pléifear leo siúd a raibh rath agus easpa ratha orthu i rith an ama sin, déanfar anailís ar cén sórt oidhreachta a fágadh faoin tír in imeacht na mblianta sin.
Fotha - http://www.raidionalife.ie/podcast/tiogair.xml

Línte Life
Sraith agallamh le deichniúir scríbhneoirí atá foilsithe ag Cois Life faoina saol agus a saothar....
Fotha - http://www.raidionalife.ie/podcast/linte.xml


