An Meangadh Beag

Lá: Luain go hAoine
Am:15.30 - 16.30
Cinéal Clár: Ceoil

Faoin gClár:  Cuireann "An Meangadh Beag" tús deas réchúiseach le do thráthnóna, le tú a ullmhú don Meangadh Mór a thiocfaidh ar d'aghaidh, agus a thiocfaidh ar an aer, ina dhiaidh! Seó ceoil don chuid is mó, le beagáinín cainte, is ea "An Meangadh Beag" a bhíodh á chraoladh ar an stáisiún go rialta ar thráthnóna Aoine ó 3:30 i.n. go dtína 4:30 i.n. ar feadh na mblianta, nuair a chuaigh an stáisiún ar aer uair a chloig níos luaithe ar an Aoine (is ag a 4:30 i.n. a thiocadh an stáisiún ar aer ón Luan go dtí an Déardaoin roimh 2008). Tá "An Meangadh Beag" anois ag craoladh óna 3:30 go dtína 4:30 gach lá ón Luan go dtí an Aoine, le láithreoir éagsúil os comhair an mhicreafóin gach lá. Pop-cheol agus rac-cheol don chuid is mó a bhíonn le cloisteáil ar an gclár.

Dé Luain - Brian Ó Súilleabháin:  Tháinig Brian go dtí Raidió na Life i mí na Samhna 2011 ar thréimhse taithí oibre. Chuaigh sé i bhfeidhm ar lucht RnaL le linn na seachtaine agus tugadh post dó mar dhuine de láithreoirí An Meangadh Beag go gairid ina dhiaidh sin. Is dalta scoile é sa cheathrú bhliain (an bhliain is deacra mar is eol do gach duine!) i gColáiste Ráithín i mBré, Contae Chill Mhantáin. Tá suim an-mhór aige sa Bhéarla, sa stair agus sa cheol (rac clasaiceach don chuid is mó) agus ba mhaith leis bheith ina aisteoir nó ina scríbhneoir sa todhchaí, ach faoi láthair tá sé lán-sásta a bheith ina shuí taobh thiar den mhicreafón i Raidió na Life.

 

 

Dé Mairt -

Dé Céadaoin - Helena King agus Fran Mulraney:  Freastalaíonn an bheirt chailín seo ar Ollscoil Cháthair Bhaile Átha Cliath agus tá siad sa tríú bliain anois. Tá Helena ag déanamh staidéar ar Ghnó agus Gaeilge agus tá Fran i mbún céimé in Iriseoireacht agus Gaeilge. Tá Helena ag déanamh a hintéirneacht i Raidió na Life i mbliana agus tá an-bhrón ar an mbeirt gan a bheith san ollscoil le chéile níos mó, mar sin, casann siad lena chéile ar an gCéadaoin chun An Meangadh Beag a chur i láthair. Ar an seó coinneoidh siad sibh go léir suas chun dáta leis an gcúlchaint is déanaí, “na rudaí is aistí ar domhan” agus neart rudaí eile. Agus ar ndóigh, beidh ceol den scoth á gcasadh acu freisin. Taitníonn réimse leathan ceoil leo, go háirithe popceol, rac-ceol agus ceol damhsa freisin. Bígí leo gach Céadaoin ar Raidió na Life!

Déardaoin - Dáirne Ní Dhuibh agus Lúc Ó Cinsealla:  Rugadh agus tógadh Dáirne Ní Dhuibh i mBaile Átha Cliath. Faoi láthair tá sí ag déanamh staidéir ar an Luath agus ar an Nua-Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide. Thosaigh sí le foireann deonach Raidió na Life i mí Aibreáin 2010 agus tháinig Lúc Ó Cinnseala ar bord mar a comh-láithreoir san fhómhar den bhliain chéanna.  Tógadh Lúc i nGaillimh agus faoi láthair tá sé ag ag déanamh staidéir ar an Iriseoireacht in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath. Gach Déardaoin labhrann an bheirt faoi chúrsaí teilifíse, scannáin agus ceoil. Seinntear rogha eicléictiúil ceoil ó bhailiúcháin na beirte; idir rac-cheol, popcheol, ceol damhsa ó na hochtóidí go dtí ceol ón lá atá inniu ann. Gach seachtain roghnaíonn Lúc blas ceoil nua chun cur os comhair an lucht éisteachta freisin. Is maith le Dáirne Coláiste na Tríonóide agus níl morán cion aici ar Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath; is maith le Lúc Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath agus níl morán cion aige ar Choláiste na Trionóide. Seas siar!

Dé hAoine - John Bodkin agus Kate Ní Chléirigh:  Tá John Bodkin agus Kate Ní Chléirigh ina gcónaí i mBaile Átha Cliath. Tá siad ag staidéir iriseoireacht le Gaeilge in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath agus tá siad sa cheathrú bliain anois. Is breá leo a lán sórt ceoil ach de ghnáth ar an seó seinneann siad meascán den phop-cheol is déanaí, R'n'B agus ceol damhsa chun tús a chuir leis an deireadh seachtaine. Chomh maith leis sin, bíonn dhá amhrán ó na nóchaidí agus na hochtóidí acu gach Aoine. Faoi láthair tá John ag éisteacht le ceoltóirí ar nós Sky Ferreira, Ke$ha agus Deadmau5. Is aoibhinn le Kate ceol R'n'B agus is duine de lucht leanúna Rihanna í, mar sin má tá spéis agaibh sa saghas sin ceol, beidh spéis agaibh éisteacht leis an Meangadh Beag gach Aoine

Dé Luain
Dé Máirt
Dé Céadaoin
Déardaoin
Dé hAoine
Dé Sathairn
Dé Domhnaigh