Iarnóin ar Éileamh
Lá: Dé hAoine
Am: 14.30 - 15.30
Athchraoladh: Dé Sathairn @ 07.00
Láithreoir(í): Darren Ó Cléirigh
R-phost: darren@raidionalife.ie
Cinéal Clár: Ceol agus Caint
Faoin gClár:
Clár iarratais cheoil á chur i láthair beo ag Darren Ó Cléirigh gach tráthnóna Aoine óna 2:30 i.n. go dtína 4:30 i.n. is ea Iarnóin ar Éileamh. Scoth den cheol le cloisteáil ó Rac go Pop, ‘Indie’ go Éireannach, agus cúpla rian ‘reitreo’ le cloisteáil ó am go chéile. Bíonn iliomad duaiseanna le buachaint ar an gclár chomh maith – díreach ceann de na cúiseanna bhreátha le bheith ag éisteacht le hIarnóin ar Éileamh. Cuir bhur n-iarratais isteach trí théacs chuig 086 600 1064, facebook ag facebook.com/raidionalife agus ar twitter ag @raidionalife!
Faoin Láithreoir: Is as lár na cathrach do Darren. Tá sé ag tabhairt faoi chéim san iriseoireacht i gColáiste Uí Ghríofa i mBaile Átha Cliath. Tá méid mhór oibre déanta aige mar phríomhláithreoir An Chairn Cheoil agus taobh amuigh de bheith ag obair ar an raidió bionn sé ag scríobh don iris Griffiti. Chomh maith leis sin, bíonn sé ag obair i rannóg léiriúcháin an stáisiúin teilifíse 'Setanta Sports'. Tá suim aige i bpeil, i spórt, agus dár ndóigh sa cheol.


