Fios Feasa

Lá: Dé Luain - Dé hAoine
Am:20.03in
Cinéal Clár: Caint

Dé Luain - Kate Fennell - Is as Maoinis i gConamara ó dhúchas do Khate  - ach, mar a deir sí féin, tá sí ceart go leor anois. Na blianta fada ó shin rinne sí staidéar ar an Rúisís agus an tSibhialtacht Chlaisiceach i gColáiste na Tríonóide agus mhair sí sa Rúis ar feadh bliain go leith áit ar mhúin sí Gaeilge do mhic léinn díograiseacha Rúiseacha. D'oibrigh sí sa tionscal teilifíse ar feadh 10 mbliana ag tosnú amach mar thaighdeoir/láithreoir le RTÉ agus ag críochnú mar léiritheoir/stiúrthóir le Liberty Films, comhlacht neamhspleách teilifíse i mBÁC. Ta an-suim aici fós sna meáin, agus baineann sí an-sult as bheith ag baint píosaí cainte as daoine éagsúla ar Fios Feasa ó thosaigh sí le Raidió na Life roinnt mí ó shin.
Tá sí ag obair in Ollscoil Mhá Nuad le dhá bhliain anuas mar Siúrthóir Polasaí Teanga agus tá cónaí uirthi i mBÁC.
Is maith leí bheith ag dreapadóireacht sléibhte, ag taisteal agus ag foghlaim teangacha deacra le gramadach
casta ina cuid am saor.


Dé Mairt - Pádraig Schaler
- Is as Baile Átha Cliath do Phadráig. Thosaigh sé ag obair le Raidió na Life ag cur An Meangadh Mór i láthair ar an Aoine in éineacht le Louise Foxe sa bhliain 2007. Rinne sé é sin ar feadh níos mó ná bliana. Tar éis dó a Ardteist a chríochnú chuaigh sé go dtí Kentucky ar feadh bliana amháin, ach anois tá súil aige stidéar a dhéanamh ar Ghaeilge agus Stair i gColáiste na Trionóide. Baineann sé fíorthaithneamh as an am a chaitheann sé i Raidió na Life. Síleann sé nach féidir teacht ar an buzz a fhaightear agus tú ag craoladh beo in áit ar bith eile.

Dé Céadaoin - Seán Ó Pronntaigh - Bhain Seán amach céim san Iriseoireacht agus sa Ghaeilge bliain ó shin, ach, ina chuid focail féin, is anseo i Raidió na Life a d'fhoglaim sé an-chuid dá cheird. Tá sé ag craoladh sa stáisiún le breis is dhá bhliain anuas. Tá sé ina mhúinteoir anois agus bíonn sé ag plé leis an iriseoireacht comh minic agus is féidir.
Banna is fearr: The Mars Volta, b'fhéidir?
Fadcheirnín is fearr: The Hour of Bewilderbeast - (Badly Drawn Boy)
Amhrán is fearr: Jeff Buckley - Lover You Should've Come Over

 

Déardaoin - Lisa Madden - Is mac léinn í Lisa in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua.  Tá sí ag déanamh an B.A. sa Chumarsáid ach faoi láthair tá sí ar thaithí oibre i Stillwater Communications i mBaile Átha Cliath.  Is é an raidió grá a croí agus is aoibhinn léi a bheith ag plé leis an gcuid sin dá cúrsa agus ag fáil taithí phraiticiúil chomh minic agus is féidir léi.  Sular thosaigh sí le Raidió na Life, bhí sí mar láithreoir ar an gclár “Blúiríní” ar Flirt FM agus rinne sí clár fáisnéise tríd an scéim “Fuaim agus Fís” i measc rudaí eile.

 


Dé hAoine - Scoth na Seachtaine - le Dónal Ó Donnabháin

Bailiúcháin de bhuaicphointí na gclár cainte ar Raidió na Life i rith na seachtaine is ea "Fios Feasa - Scoth na Seachtaine", a chuireann Clár Reachtaire an stáisiúin, Dónal Ó Donnabháin i láthair gach oíche Aoine idir a 8 agus a 9.  Déantar athchraoladh ar an gclár seo ar an Satharn óna 2 go dtína 3 i.n., agus ar an Domhnach idir a 1 agus a 2 tráthnóna.  Craoltar an clár seo freisin ar Raidió Fáilte i mBéal Feirste agus ar stáisiúin raidió phobail eile thart timpeall na tíre atá ina mbaill de scátheagraíocht na hearnála raidió pobail CRAOL (Fóram Raidió Pobail na hÉireann).

Dé Luain
Dé Máirt
Dé Céadaoin
Déardaoin
Dé hAoine
Dé Sathairn
Dé Domhnaigh