Filíocht na hArdteiste

Lá: Dé Mairt & Dé hAoine
Am:12:30in & 6.30in
Cinéal Clár: Filíocht na hArdteistiméireachta

Faoin gClár:Cuirfear tús le craoladh "Filíocht na hArdteistiméireachta" ar Raidió na Life 106.4FM ar an Mháirt 21 Aibreán 2009. Craolfar dhá chlár in aghaidh na seachtaine, Máirt agus Aoine ag 12.30i.n. Beidh athchraoladh ar an dá lá céanna ag 6.30i.n. agus ollchlár ar an Satharn ag a 5.00i.n. Leanfaidh an tsraith ar feadh cúig sheachtain.

I ngach clár den tsraith seo, cloisfear dán atá ar chúrsa na hArdteistiméireachta á léamh ag an bhfile féin, ag aisteoir nó ag múinteoir. Beidh painéal de bheirt go bhfuil an-chur amach acu ar an gcúrsa ag plé agus ag cíoradh ábhar gach dáin agus ag roinnt a dtaithí agus eolais.

Ins an chéad chlár ar an 21 Aibreán cloisfear Nuala Ní Dhomhnaill ag léamh “Dán do Mhelissa”, beidh Niall Tóibín le cloisint ag léamh “Oíche Nollaig na mBan” le Seán Ó Ríordáin, Macdara Ó Fatharta “Faoiseamh a Gheobhadsa” le Máirtín Ó Direáin agus Séamus Ó Scannláin ag léamh “An Chéad Dráma” le Johnny Cóil Mhaidc Ó Coisdealbha mar chuid den tsraith.

Is iontach an deis é seo ag daltaí Ardteiste cuid de na filí a chloisint ag léamh a gcuid saothar féin agus ag míniú cad a spreag iad leis an dán a scríobh. Bainfidh múinteoirí leas as an tsraith seo leis - tabharfaidh sé deis dóibh léargas daoine eile ar an gcúrsa a chloisint agus a phlé sa rang.

Is le cabhair ó chiste craoltóireachta Fuaim & Fís de chuid Coimisiún Craolacháin na hÉireann a dhein an comhlucht leiriúchán Scéal Eile na cláracha seo do Raidió na Life. Is í Mairéad Uí Dhomhnaill a chuireann na cláracha inár láthair agus Deirdre Donnelly léiritheoir na sraithe. Leathuair a' chloig atá i ngach clár.

21/4/9 “Dán do Mhelissa” le Nuala Ní Dhomhnaill.
Painéal. Aingeal Seoighe agus Reuben Ó Conluain
Íoslódáil Eipeasóid: Clár 1 - Filiocht-001-Dan-do-Mhelissa.mp3

24/4/09 Dán “An tOileán” le Deirdre Brennan.
Painéal. Treasa Ní Chonghaile agus Lorcán S. Ó Treasaigh
Íoslódáil Eipeasóid: Clár 2 - Filiocht-002-An-tOilean.mp3

28/4/09 Dán/ta.“Níl Aon Ní” agus “Maigdiléana” le Cathal Ó Searcaigh.
Painéal. Áine Ní Ghlinn agus Diarmaid Ó Tuama
Íoslódáil Eipeasóid: Clár 3 - Filiocht-003-Nil-Aon-Ni-Maigdileana.mp3

1/5/09 Dán “Gealt” le hÁine Ní Ghlinn.
Painéal. Mary Ó Gruagáin agus Ruaidhrí Ó Báille
Íoslódáil Eipeasóid: Clár 4 - Filiocht-004-Gealt.mp3

5/5/09 Dánta“Dá mbféidir arís dar gcumann” le hEithne Strong. “An Mháthair” le Caitlín Maude.
Painéal. Treasa Ní Chonghaile agus Lorcán S. Ó Treasaigh
Íoslódáil Eipeasóid: Clár 5 - Filiocht-005-Da-mbfeidir / An-Mhathair.mp3

8/5/09 Dán “Faoiseamh a Gheobhadsa” le Máirtín Ó Direáin.
Painéal. Áine Ní Ghlinn agus Diarmaid Ó Tuama.
Íoslódáil Eipeasóid: Clár 6 - Filiocht-006-Faoiseamh-a-Gheobhadsa.mp3

12/5/09 Dán. “Oíche Nollaig na mBan” le Seán Ó Ríordáin.
Painéal. Íde Ní Uallacháin agus Micheál Ó Ruairc.
De bharr ceisteanna cóipchirt, is oth le Raidió na Life nach bhfuil ar ár gcumas podchraoladh den eagran seo a chur ar fáil.

15/5/09 Dán “An Chéad Dráma” le Johnny Cóil Mhaidhc Ó Coisdealbha
Painéal. Aingeal Seoighe agus Reuben Ó Conluain.
Íoslódáil Eipeasóid: Clár 8 - Filiocht-007-An-Chead-Drama.mp3

19/5/09 Dánta “Uirchill an Chreagáin” le hArt Mac Cumhaigh agus “Bímse Buan ar Buairt gach Ló” le Seán Clárach Mac Domhnaill.
Painéal. Mary Ó Gruagáin agus Ruaidhrí Ó Báille.
Íoslódáil Eipeasóid: Clár 9 - Filiocht-008-Uirchill-Bimse-Buan.mp3

22/5/09 Dán “Jack” le Máire Mhac an tSaoi.
Painéal. Íde Ní Uallacháin agus Micheál Ó Ruairc.
De bharr ceisteanna cóipchirt, is oth le Raidió na Life nach bhfuil ar ár gcumas podchraoladh den eagran seo a chur ar fáil.

 

Dé Luain
Dé Máirt
Dé Céadaoin
Déardaoin
Dé hAoine
Dé Sathairn
Dé Domhnaigh