Encore

Dance Music

Lá: Dé hAoine
Am: 10.30in - Meán Oíche
Athchraoladh: Dé Domhnaigh @ 4.00rn
Láithreoir(í): Franc Dour
Cinéal Clár: Ceoil damhsa

Faoin gClár: Clár i bhFraincis atá dírithe ar aimsiú an cheoil is ea Encore: ó lipéid cheirníní go stíleanna ceoil agus ó cheoltóirí ar leith go blianta ar leith.

Tá sé mar aidhm ag Dr. Vinyl, DJ agus táirgeoir, blas a thabhairt don lucht éisteachta den uile chineáil ceoil – gan teorainneacha. Níl leagan amach faoi leith ag an gclár, a athraíonn ó sheachtain go seachtain – ó thaobh an cheoil féin de agus ó thaobh an ré ama a chlúdaítear.

Clúdaítear stíleanna ceoil leictreonacha sa chlár (Ceol Tí, Nuabhéim, Teicneó, Ceol Leictreonach – ó na h80í go dtí an lá atá inniu ann), Hip-Hop agus Soul (Sean Hip-Hop ó na 90í), ach chomh maith leis sin clúdaítear Rac, Reggae agus Func. Anois agus arís bíonn téama faoi leith ar an gclár ar feadh na hoíche – ón mheascán is fearr ó lipéid éagsúla ar nós Talkin Loud nó Junior Boys Own, chuig ceolchoirmeacha beo atá deacair a theacht orthu a sheinm. Clúdaítear athmheascáin agus bailiúcháin speisialta, mar aon le gnéithe faoi leith den stair a ghabhann le seánraí faoi leith ar nós an luathcheol damhsa agus seánraí éagsúla ar nós an nuabhéim (newbeat), aigéad (acid), rave, teicneó íosta (minimal techno) srl.

Ag deireadh an lae baineann an clár seo le bheith ag breathnú ar thalann – idir thalann neamhaimsithe agus talann príomhshrutha.

Le tacú leis an spiorad seo, teastaíonn uainn seó míosúil a thiomnú do cheoltóirí nach bhfuil sínithe. T á a fhios againn go bhfuil cumacht ollmhór léiriúcháin ceoil neamhspleách anseo in Éirinn ach faraor ní sheinntear an ceol seo ró-mhinic ar na haertonnta – ach amháin ar stáisiúin ar nós Raidió na Life! Teastaíonn uainn freisin an deis a thabhairt do DJanna smacht a thógáil ar na deiceanna ar feadh oíche amháin gach ré mí.

Táimid ag lorg rianta agus demos le cnuasach a chur le chéile den méid is fearr atá amuigh ansin. Mar sin, le bhur dtoil, cuirigí bhur saothar isteach chugainn, trí ríomhphost chuig Fdour@yahoo.com, nó tríd an bpost chuig Franck, Raidió na Life, 7 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2. Cuirfidh muid scéala chugat faoi cathain a bheidh tú ar aer!

 

Dé Luain
Dé Máirt
Dé Céadaoin
Déardaoin
Dé hAoine
Dé Sathairn
Dé Domhnaigh