Dúnmharú a Mhuirnín
Lá: Dé hAoine
Am:12.30rn
Athchraoladh: Dé hAoine @ 6:00in
Cinéal Clár: Drama
Faoin gClár: Dúnmharú a Mhuirnín:
"Ní fairsing an bearna idir an Coir agus an Cóir", de réir dealramh - rud a thuigfimid níos fearr agus an Sraith-Dhráma seo á chraoladh arís ar Raidió na Life 106.4FM.
Dráma neamhchoitianta, ós–nádúrtha é seo. Tá an dráma suite i gcúirt Anubis ag Geataí na Síoraíochta, mar atá an MórDhia Éigipteach agus an ceann-mhadra anuas air, i bhfeighil iontrála.
Dúnmharaíodh bean darbh ainm Deirdre Nye. Tá an tsraith bunaithe
thart ar an dúnmharú seo agus na leagain éagsúla atá ag na charachtair
atá fite fuaite ann den scéal. Tá ceithre chlár i gceist. Ceithre
monalóg fada ó cheathrar carachtair a bhaineann go dlúth leis an
gcoir. Pointe tagartha ná na an stíl atá sna ‘Vagina Monologues’, sraith cláir
raidió ina dtugtar pearsantacht do chorp mná agus ina labhrann siad faoina gcuid tuiscintí. Sampla eile ná 'Cré na Cille', áit a labhrann na charachtair ón mbás.
Clár 1: Cloisfigh muid scéal Dheirdre – cé go bhfuil sí marbh.
Clár 2: Cloisfear scéal na nGardaí a bhí ag iarradh an coir seo a
iniúchadh.
Clár 3: Cloisfidh muid ón duine darbh ainm "an Weepy one" – finné is ea é agus chonaic sé an coir.
Clár 4: Gheobhaidh muid leagan an scéil ó fhear céile
Dheirdre - an dúnmharfóir – cé go gcreideann sé go n-éalóidh sé.
Ní bheidh a fhios againn ar deireadh cad é an toradh.


