An Crúiscín Lán

Lá: Dé Domhnaigh
Am: 13.00 - 13.30
Athchraoladh:  Déardaoin @ 13.30
Láithreoir(í): Oisín Uíbh Eachach
R-phost: eolas@raidionalife.ie

Cinéal Clár: Ceol Traidisiúnta

Faoin gClár:  Tá sraith nua den chlár ceoil traidisiúnta, An Crúiscín Lán, le cloisteáil i rith an tsamhraidh ar Raidió na Life, ón Domhnach 3ú Iúil, ag a 1:00 i.n. Curtha i láthair ag Oisín Uíbh Eachach, láithreoir as Baile Átha Cliath, a bhfuil cláracha éagsúla déanta aige le Raidió na Life thar na blianta – An Bosca Lóin, In Ómós do Phroinsias Ó Maonaigh agus Fios Feasa ina measc, mar aon le sraitheanna eile den Chrúiscín Lán roimhe seo. Clár leathuair a’ chloig a bheidh i gceist agus beidh scoth an cheoil ann dóibh siúd a thaitníonn ceol traidisiúnta leo.

Ar an gceol a bheidh le cloisteáil beidh ceol beo ó cheoltóirí cumasacha clúiteacha éagsúla – John Kelly agus Liam O’Connor, beirt fhear fidile as Baile Átha Cliath ina measc. Beidh ceol de chuid Chiaráin Uí Mhaonaigh, Tony MacMahon, Johnny Doran, John Doherty, Paul McGrattan agus ceoltóirí eile nach iad le cloisteáil i rith na sraithe chomh maith.

Bí linn ar an gCrúiscín Lán, mar sin, chun taitneamh, sult agus sásamh a bhaint as scoth an cheoil thraidisiúnta. An Crúiscín Lán, 1:00 i.n. gach tráthnóna Dé Domhnaigh ón 3ú Iúil ar Raidió na Life 106.4FM.

Dé Luain
Dé Máirt
Dé Céadaoin
Déardaoin
Dé hAoine
Dé Sathairn
Dé Domhnaigh