Creachadóireacht
Lá: Dé Sathairn
Am: 14.00 - 15.00
Athchraoladh: Dé Céadaoin @ 14.30
Láithreoir(í): Sorcha Ní Mháirtín, Daragh Mac Aoidh
Cinéal Clár: Caint agus ceoil
Faoin gClár: Is é ceann scrios an clár le héisteacht leis más spéis leat cúlchaint ar dhaoine cáiliúla, nuacht nach gcloistear i móran áiteanna eile, ceol den scoth, agus an-chuid rudaí eile. Coimeádann an clár seo daoine ar an eolas faoi cheolchoirmeacha, nuacht de gach saghas agus na hamhráin sin atá gearr do do chroí. Tá an clár dírithe orthu siúd sna meándéaga agus sna déaga déanacha.
Faoi na Láithreoirí: Cailín gealgaireach ó bhaile Bhrí Chualann í Sorcha Ní Mháirtín. Is mac léinn sa cuigiu bliain í i gColáiste Loreto Brí Chualann. Tá suim mhór aici sna meáin chumarsáide, ceol agus dár ndóigh sa Ghaeilge. Is aoibheann léi a bheith i mbun an chláir seo ar Raidió na Life gach seachtain. Feictear í ag rith ar nos na gaoithe chuig stad an bhus gach Domhnach ag 3.30pm. Taitníonn ceol agus greann go mór léi. Gach seachtain bionn scéal no dhó aisteach aici, go hionduil faoi ainmhithe agus an craic a bhionn acu ar fud an domhain. In ndiaidh treimhse a chaitheamh mar chinnire le Colaiste na bhFiann i Rosmuc mheallú i mar cuairteoir ar chlár Ceannscrois in einneacht le Gavin Ó Briain. Fuair sí a chéad bhlaiseadh den raidió mar comhláithreoir leis i mi Iuil 2009. Agus Gavin ag staideir go dian don Ard-Teist fagadh an clár fuithi ón Nollaig. Bionn scata cairde ag cabhru leí o am go h-am chun clar beomhar, briuil a chuir ar fail do dhaoine- ach go h-airithe deagoiri. Tá tréth an ghrinn go smior inti. Is cailín thar a bheith sóisialta í agus is aoibhinn le Sorcha oíche a chaitheamh lena cairde i mbun cursaí damhsa idir Belly & Bollywood dancing, Ballet & Jazz. I ndiaidh laethanta fada lán le strus, is brea leí leim in áirde ar ardán leis an ngrúpa ceoldramaíochta ‘Sheevawn’. Ta Sorcha ina ball de Cholaiste na BhFiann mar cinnire sa chumann & ar chursaí Gaeilge i rith an tsamhraidh.
Is as Brí Chualainn chomh maith do Dharragh Mhic Aoidh. Chaith sé ocht mbliana I nGaelscoil-Scoil Chualainn. Anois tá sé ag freastal ar Choláiste na Toirbhirte. Is aoibheann leis a bheith ag labhairt as gaeilge. B’fhearr leis a bheith ag freastal ar Ghaelscoil faoi láthair chun seans gaeilge a labhairt an lá ar fad. Tá an-suim ag Darragh sa sport. Ní maith leis a bheith ag féachaint ar sport, is fearr leis a bheith amuigh á himirt. Imríonn sé cispheil agus rugbaí dá scoil. Tógann sé sin suas an chuid is ó dá chuid ama. Ach nuair nach mbíonn sé ag imirt sport bíonn sé ag éisteach le ceol nó ag féachaint ar an teilifís, mar a dhéanann gnáth déagóir.


