Clár na Rudaí Beaga

Lá: Déardaoin
Am: 18.00 - 19.00
Athchraoladh:  Dé hAoine @ 10.00
Láithreoir(í): Ian Creamer
Cinéal Clár: Ceol agus scannáin nua-eisithe

Faoin gClár:  Thosaigh Clár na Rudaí Beaga thiar i 1994, sa chéad bhliain de Raidió na Life a bheith ar aer! Tá téama an chláir bunaithe ar cheol agus scannáin nua a thagann amach gach seachtain. Meascán de ghach sórt ceoil atá i gceist, ach beidh ceol ar siúl ó aon dhlúthdhioscaí maithe a bhfuil tar éis teacht amach le déanaí - an ceol is fearr dár le hirisí ar nós Q, Uncut, N.M.E.,srl nó suímh idirlín ar nós Pitchfork. Gach seachtain bíonn cur síos againn ar na scannáin nua a mbíonn ag teacht amach gach Aoine.

Faoin Láithreoir: Ian Creamer a chuireann an clár i láthair. Tá suim ag Ian i ngach aon sórt ceoil, go háirithe ceol indie ailtearnach. Arsa Ian: "Ní féidir liom an grúpa nó albam is fearr liom a roghnú mar athraíonn siad gach aon seachtain, ach an t-albam is fearr liom le cúpla bliain anuas ná T.V. On The Radio, The National, L.C.D. Soundsystem agus go dtí seo i 2009 Animal Collective. Nuair nach mbím ag caithimh mo chuid airgid go léir ar dhlúthdhioscaí, is breá liom bheith ag cócaireacht, ag ól beoir agus dul ag taistil. Táim ag iarraidh bheith i 100 tír sula bfhaighim bás! Táim sórt sáite sna 70í le cúpla bliain anuas!!!"

Dé Luain
Dé Máirt
Dé Céadaoin
Déardaoin
Dé hAoine
Dé Sathairn
Dé Domhnaigh