Cinnlínte Nuachta

Lá: Dé Luain - Dé hAoine
Am:18.03in
Cinéal Clár: Caint

Faoin gClár: Léitear cinnlínte na nuachta ag barr na huaire ag a 6, a 7 agus a 8 tráthnóna ar Raidió na Life. Meitheal de léitheoirí nuachta deonacha a bhíonn sa seomra nuachta ó lá go lá, ina measc Kate Ní Uallacháin, Mícheál Ó Riain, Feargus Ó Snodaigh, Emma Ní Riain agus Nollaig Ó Cróinín.

 

Kate Ní Uallacháin
Is as Cill Dara do Kate. Faoi láthair tá sí sa bhliain dheireanach den BA sna Meáin Chumarsáide atá á dhéanamh aici in Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad. Is bréa léi bheith ag taistil agus nuair atá sí cáilithe ba mhian léi dul thar lear chun tuilleadh taithí a fháil sna meáin. Oibríonn sí anois agus arís mar mhúinteoir Gaeilge sealadach i mBaile Átha Cliath. Mar chaitheamh aimsire bíonn sí ag snámh go rialta agus is aoibhinn léi bheith ag damhsa thart timpeall ar na málaí láimhe ("handbags”) ar oíche amuigh ar an mbaile leis na cailíní. Thosaigh sí ag léamh na nuachta ar Raidió na Life i mí Mheán Fómhair na bliana seo.

 

Mícheál Ó Riain

Rugadh agus tógadh Mícheál i gcathair Phort Láirge. Tá blas Chonamara ar a chuid Gaeilge áfach toisc gur chaith sé sé bhliana ag múineadh sa Scoil Choimsitheach ar an gCeathrú Rua. Iar léachtóir le Stair i gColáiste Oideachais Dún an Charúin is ea é. Chaith sé níos mó ná fiche bliain thar lear ag obair sna Scoileanna Eorpacha agus chaith sé sé bhliana mar Rúnaí Ginearálta ar na scoileanna sin. Tá sé ina chónaí i ndeisceart Bhaile Átha Cliath.

 

Dónal Ó Mainnín
Is as Ros Comáin ó dhúchas do Dhónal ach tá sé ina chónaí sa phríomhchathair le breis is deich mbliana tar éis dó staidéar a dhéanamh ar an innealtóireacht i nGaillimh agus tréimhse a chaitheamh ag obair i nDún Dealgan.   Is breá leis teangacha agus taisteal agus chaith sé bliain ag obair sa Ghearmáin áit ar fhoghlaim sé Gearmáinís, ar ndóigh.  Tá an-spéis aige i gcúrsaí polaitíochta, litríochta, spóirt agus ceoil agus seinneann sé an giotár agus an fheadóg stáin. Tá sé pósta le Niamh arb as Corcaigh í ach ná lochtódh sin í!

Feargus Ó Snodaigh
Is as Baile Átha Cliath Feargus Ó Snodaigh. Tógadh é le Gaeilge in oirthear na cathrach i nDumhach Trá. D'fhreastal sé ar Scoil Lorcáin agus Coláiste Eoin i ndeisceart Bhaile Átha Cliath.

 

 



Emma Ní Riain
Is as Cill Mhantáin d’Emma. Tá sí ina bliain dheireanach den BA sna Meáin Chumarsáide i Maigh Nuad agus tá an Ghaeilge á staidéar aici freisin. Is breá léi bheith ag léamh, go háirithe leabhar ar bith a bhaineann le vaimpírí. An nath cainte a bhaineann lena saol agus a deir sí chuile lá ná “Nuair atá tú i dtrioblóid mhór, ná habair tada agus déan iarracht an chuma a chur ort féin go bhfuil fios do ghnó agat”. Ba mhaith léi post a fháil sna meáin nuair atá sí críochnaithe sa choláiste.

Dé Luain
Dé Máirt
Dé Céadaoin
Déardaoin
Dé hAoine
Dé Sathairn
Dé Domhnaigh