Ceathrar le Ceithre Scór

Lá: Dé hAoine
Am:12.30rn
Athchraoladh: Dé hAoine @ 6:00in
Cinéal Clár: Caint agus Stair

Faoin gClár: Sraith fíor-spéisiúil agus fíor-speisialta a bheidh sa tsraith agallaimh “Ceathrar le Ceithre Scór” a chraolfar ar Raidió na Life 106.4 FM ar feadh ceithre Chéadaoin ag 6 i.n. ag tosú ón 9ú Aibreán. Cloisfear scéal cheathrar a bhí baint thar na bearta acu le giniúint Éire an lae inniu agus iad i mbun comhrá le Brian Ó Tiomáin mar gheall ar a saol agus a gcuimní ar an tír seo san am atá imithe thart.

Clár 1 - Caitlín Uí Lorcáin: Sa chéad chlár seo cloisfear scéal Chaitlín Uí Lorcáin, a chaill a hathair san eachtra i mBaile an tSíoda (Ballyseedy) sa Chogadh Cathrach.

Clár 2 - Máire Nic Suibhne Brúgha: Sa chlár seo cloisfidh muid ó iníon Thraolach Mhic Suibhne, an tírghráthóir cáiliúil a cailleadh ar stailc ocrais i 1920.

Clár 3 - Liam Ó hOisín: Sa chlár seo cloisfidh muid scéal Liam Ó hOisín, fear gnó agus foilsitheoir.

Clár 4 - TK Whitaker: Sa chlár seo cloisfear scéal an stáitseirbhísí chlúitigh TK Whitaker, a bhí tráth mar Rúnaí na Roinne Airgeadais, Gobharnóir ar Bhanc Ceannais na hÉireann agus a bhí ina Chomhairleoir don Taoiseach ar an Tuaisceart. An clár deireannach sa tsraith.

Dé Luain
Dé Máirt
Dé Céadaoin
Déardaoin
Dé hAoine
Dé Sathairn
Dé Domhnaigh