An Carn Ceoil

Lá: Dé Sathairn
Am: 16.30 - 17.30
Athchraoladh: Dé Máirt @ 13.00
Láithreoir(í): Darren Ó Cléirigh & Ciara Ní Mhurchú
Cinéal Clár: Ceoil
Email: darren@raidionalife.ie

Faoin gClár: Clár iarratais cheoil agus amhráin á chur i láthair beo ag Darren Ó Cléirigh agus Ciara Ní Mhurchú gach Satharn óna 4 go dtína 5. Bíonn iliomad duaiseanna le buachaint ar an gclár chomh maith!

Darren Ó Cléirigh: Is as lár na cathrach do Darren. Tá sé ag tabhairt faoi chéim san seoireacht i gColáiste Uí Ghríofa i mBaile Átha Cliath. Tá méid mhór oibre déanta aige mar phríomhláithreoir An Chairn Cheoil agus taobh amuigh de bheith ag obair ar an raidió bionn sé ag scríobh don iris Griffiti. Chomh maith leis sin, bíonn sé ag obair I rannóg léiriúchán an stáisiúin teilifíse 'Setanta Sports'. Tá suim aige i bpeil, i spórt, agus dár ndóigh sa cheol. Tá Darren mar láithreoir ar Mheangadh Mór Déardaoin le roinnt míonna anuas anois.

 

 

Ciara Ní Mhurchú: Is as Fhionnglas i dtuaisceart Bhleá Cliath do Chiara. Tá sí sa séú bhliain anois, agus ag iarraidh a bheith ag obair sna meáin i ndiaidh na hArdteiste. Thosaigh sí ag obair i Raidió na Life i rith an tsamhraidh i 2008, agus rinne sí Meangadh Beag an Aoine a chur i láthair ar feadh tamaillín bhig! (im’ aonar like!) Ina dhiaidh sin chroch sí thart timpeall na háite go dtí go bhfuair sí cuireadh chun teacht ar bord fhoireann an Chairn Cheoil. Tá gáire an-ghlórach aici, de réir dealramh, ach tá sí ag iarraidh é a choinneáil ciúin. Tá suim aici i ngach saghas ceoil. Is aoibhinn léi an rince, a bheith ag canadh, agus a bheith ag labhairt na Gaeilge ar an raidió.

 

Dé Luain
Dé Máirt
Dé Céadaoin
Déardaoin
Dé hAoine
Dé Sathairn
Dé Domhnaigh