Aoine AM
Lá: Dé hAoine
Am:10.00am
Láithreoir(í): Darren Ó Cléirigh agus Hank Ó Gallchoir
Cinéal Clár: Ceoil
Faoin gClár: Scoth den cheol, scoth den chraic agus scoth den chomhrá!
Bígí ag éisteacht leis an gclár bríomhar neamhchiallmhar Aoine A.M. le Darren agus le Hank,
áit ina bheidh cúrsaí ceoil, cúrsaí grinn agus scéalta móra na seachtaine á bplé ag na buachaillí!
Faoin Láithreoir: Is as lár na cathrach do Darren. Tá sé ag tabhairt faoi chúrsa cumarsáide i Marino. Tá sár-obair déanta aige mar phríomhláithreoir An Chairn Cheoil agus taobh amuigh de bheith ag obair ar an raidió tá suim aige i bpeil, i spórt agus baineann sé taitneamh as bheith ag tiomáint timpeall i ngluaisteán Hank!
Is as Glas Naíon do Hank. Imríonn sé peil leis Na Fianna agus tá sé sa chéad bhliain i gColáiste na Tríonóide. Fuair sé a chéad bhlaiseadh den raidió mar aoíláithreoir ar an gCarn Ceoil agus is léir go bhfuil an chraoltóireacht san fhuil aige ór go bhfuil clú agus cáill ar a sheanathair Liam Ó Murchú mar dhuine de chraoltóirí móra na Gaeilge sa chéad seo caite. Tá suim aige sa cheol agus taobh amuigh den pheil agus den cheol is breá leis a bheith ag tiomáint timpeall ina ghluaisteán!


