An Fhuaim
Lá: Dé Céadaoin
Am: 21.00 - 22.30
Athchraoladh: Dé Domhnaigh @ 01.00
Láithreoir(í): Executive Steve
Cinéal Clár: Ceoil
Faoin gClár: Tá An Fhuaim ar cheann den líon beag cláracha Drum n Bass ar na haertonnta, agus ceann de seónna dá leithéid is faide ar an bhfód. Is é Executive Steve atá i mbun láithreoireacht ar an gclár. Bí ag súil le scoth na oldskool flavas meascaithe le heisiúintí nua chomh maith le rianta neamheisithe ó cheoltóirí dúchasacha agus Sasanacha. Ó am go chéile bíonn am sa sceideal d’aíonna a sheinneann cuid den cheol is fearr den tsaghas sin in Éirinn faoi láthair.


