An Cuimhin Leat?
Lá: Dé hAoine
Am: 18.30 - 19.00
Scríbhneoir: Brian Ó Tiomáin
Léiritheoir: Brian Ó Tiomáin
Cinéal Clár: Dráma
Faoin Chlár: Craolfar an dráma raidió leath uair a’ chloig ‘An Cuimhin Leat?’ ar Raidió na Life 106.4 FM ag 18:30 ar an Aoine beag seo 2ú Meán Fómhair. Baineann an dráma le fear a d’fhulaing bulaíocht ar scoil. Téann sé ar thóir an bhulaí 25 bliain níos déanaí ag iarraidh leithscéal nó díoltas...
Tá an dráma scríofa agus stiúrtha ag Brian Ó Tiomáin, a léirigh na cláir ‘Ceathrar le Ceithre Scór’, ‘An Stráinséir’ agus ‘An tAthair Seosamh Mallin – Páiste na Réabhlóide’ do Raidió na Life roimhe seo.
Páirteach sa dráma nuaseo tá Seán McDonagh (Ros na Rún, Kisses, The Magdalen Sisters), Norette Leahy (Ros na Rún, Bailegangáire), agus Seamus Moran (Fair City, Rásaí na Gaillimhe, The Tudors). S’é Seán Ó Cearúil a rinne eagarthóireacht ar an dráma. Tá ceol cumtha go speisialta don dráma ag Stiofán Ó Loinsigh.
Is le tacaíocht ón scéim mhaoiniúcháin chraoltóireachta Fuaim agus Fís, de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann, a rinneadh an tsraith seo do Raidió na Life.



