Fógraíocht
An leas a dhéanfaidh Raidió na Life 106.4 fm duitse.
-
Nasc le cultúr na hÉireann
Trí fhógraíocht a dhéanamh as Gaeilge cuirtear deis ar fáil duit ionannú a dhéanamh idir an táirge s’agatsa agus cultúr na hÉireann trí chéile. Malairt slí atá san fhógraíocht Ghaeilge chun do theachtaireacht a chur abhaile, slí a bhfuil ag éirí go maith léi i gcás comhlachtaí eile, i.e. Lyons Tea agus KitKat.
-
Slí chun suntas ar leith a thabhairt don táirge s’agatsa
Tá fógraíocht as Gaeilge éagsúil agus éiríonn léi – léiríonn taighde a rinne Lárionad Henley go bhfuil an-dea-thoil ann i leith na teanga, rud a bheireann buntáiste d’fhógróirí a bhaineann leas aisti orthu siúd nach mbaineann.
-
Éifeachtúlacht chostais
Idir rátaí ísle agus léiriú in-stiúideo beidh margadh den scoth ag do tháirge/sheirbhís ar Raidió na Life 106.4 fm.
-
Daoine le Taithí
Cuirfidh ár gcuid teicneoirí, léiritheoirí, craoltóirí, agus oifigigh fhógraíochta rogha sainphacáistí os do chomhair; rogha a fheilfidh d’íomhá chorparáideach do chomhlachtsa, i.e. Urraíocht ar chlár, Fógraíocht, Tagairtí do do chomhlachtsa ar chláracha eile.


