Abair Amach É!

Lá: Dé hAoine
Am:6.30 i.n. - 7:00 i.n.
Láithreoir(í):Richie Ó hEadhra
Cinéal Clár: Caint

Faoin gClár: Beidh sraith úr nua darbh ainm 'Abair Amach é' á chur i lathair ag Richie Ó hEadhra ar Raidió na Life ag tosnú ar an Aoine 4ú lá do Mhárta ag 6.30 i.n. Beidh Ó hEadhra ag labhairt le pearsain mór le rá a bhfuil an-aithne orthu i saol na Gaeilge go háirithe. I measc cuid acu siúd a bhéas i mbun comhrá le Richie, beidh na ceoltóirí Liam Ó Maonlaí agus Gerry 'Banjo' O’Connor, iar-rós Thrá Lí Aoibhinn Ní Shúilleabháin, an Seanadóir David Norris agus na craoltóirí Róisín Ní Eadhra agus Éanna Ní Lamhna. 

Déanann an tsraith seo iarracht aithne a chur ar an duine taobh thiar den aghaidh phoiblí agus eolas níos mine a thabhairt don éisteoir faoin aoí. "Tá mé ag súil go mór leis an sraith úr nua seo. Níl mórán oibre déanta agam ó thaobh raidió de agus tá sé iontach a bheith mar pháirt de Chuisle na Cathrach ar Raidió na Life. Stíl ré-chúiseach a bhéas agamsa sna cláracha seo agus beidh mé ag iarraidh breathnú taobh thiar den phearsan a phéinteáiltear dúinn nuair a bhíonn na daoine seo ar an teilifís nó an raidió de ghnáth. Bíonn siad féin ag iarraidh siamsaíocht a chur ar fáil don chuid mó mar sin beidh deis labhartha acu féin fúthu féin anois," a deir Ó hEadhra.

Faoin Láithreoir: Tá aithne ar Richie Ó hEadhra mar gheall ar an obair a rinne sé ar son na Gaeilge leis an ngrúpa Na Macallaí i Loch Garman agus ar a chuid oibre sna meáin chumarsáide ag láithriú cláracha teilifíse do TG4 agus RTÉ. Bhí sé mar láithreoir ar shraith sacair TG4 'Sacar Beo' agus bhí sé le feiceáil ar ár scáileáin ag dul ar chúl an cheamara ar an gclár iomráiteach 'Aifric' freisin. Chaith sé seal in Institiúid Spóirt Thuaisceart Éireann freisin don sraith Scéal Ó Thuaidh a craoladh ar RTÉ 2, áit a raibh sé ag traenáil le cuid de na peileadóirí is fearr sa tír.

Le déanaí bhí Ó hEadhra ar ár scáileáin sa chlár 'Stróc' a léirigh Independent Pictures. Chom-chruthaigh sé an clár fáisnéise spóirt a bhain gradaim IFTA amach 'Tall, Dark and Ó hAilpín' i 2007. Chomh-léirigh sé clár fáisnéise do RTÉ Raidió 1 darbh ainm 'Yola - Lost for Words' agus bíonn sé le feiceáil agus le cloisteáil ar chláracha raidió agus teilifíse eile go mion minic, The Business le George Lee ina measc. Bíonn Ó hEadhra ag blagáil agus ag scríobh do na meáin chlóite chomh maith. Theredquarter.blogspot.com a leathanach féin agus scríobhann sé roinnt altanna don Irish Daily Star agus The Times Online freisin. Tá sé ag obair ar a chéad albam ceoil i mbliana freisin.

Abair Amach É! - Raidió na Life 106.4 FM, gach Aoine ag a 6:30 i.n. ag tosnú Dé hAoine 4ú Márta 2011.

Dé Luain
Dé Máirt
Dé Céadaoin
Déardaoin
Dé hAoine
Dé Sathairn
Dé Domhnaigh