I Roinn Dá gCuid Féin – Clár spóirt nua don dara nó séú imreoir déag
Lá: Dé Domhnaigh
Am: 13.30 - 14.00
Láithreoir(í): John Barker & Marcus Ó Buachalla
Facebook: I Roinn dá gCuid Féin
Twitter: @IRoinnDGF
Cinéal Clár: Spóirt
Faoin gClár: Tá Raidió na Life 106.4fm ag cur fáilte roimh sraith clár beo spórt 'I Roinn dá gCuid Féin' atá ar aeir gach Domhnach idir 5 Meitheamh agus 17 Iúil le urraíocht ón Údarás Craolacháin na hÉireann. Díríonn an tsraith ar seacht spórt (peil, rothaíocht, rugbaí, cispheil, dornálaíocht, cruicéad agus Cumann Lúthchleas Gael – clár do gach spórt). Díreofar an chlár ar nádúr amaitéarach agus leath-phroifisiúnta na spóirt thuasluaite.
Faoin bhFoireann: Díríonn an tsraith, atá léirithe ag Seán Ó Pronntaigh (iar-Newstalk agus ag léiriú le 98fm faoi láthair) spotsholas ar: chúrsaí spóirt in Éireann atá neamhaird déanta orthu ar mhaithe le spóirt proifisiúnta thar lear, na struchtúir tacaíochta sa tír seo agus gach gné nach iad. Cuirfidh John Barker, Totally Irish ar 98fm, agus Marcus Ó Buachalla, Splanc ar Newstalk, an tsraith i láthair ina nasctar aíonna síos tríd an domhain spóirt le tuairisc ó gach uile spórt atá ann ag tabhairt léargas doimhne ar gach ceann clúdaithe.
Léiritheoir: Séan Ó Pronntaigh
Léiritheoir Feidhmeannach: Marcus Glynn
Taighdeoir: Cillian Ó Conchúir
Is le tacaíocht ón scéim mhaoiniúcháin chraoltóireachta Fuaim agus Fís, de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann, a rinneadh an tsraith seo do Raidió na Life.



